Friday 15 July 2011

Cáineann an rialtas nua an Vatacáin, chosain an sean rialtas iad



Táthar ann a deir go bhfuil páirtithe polaitiúla go léir mar an gcéanna agus nach n-athraíonn toghcháin faic. Go hiondúil ní tharlaíonn athruithe ollmhóra nuair a bhuann páirtithe nua toghchán, ach níl sé fíor gur saothar in aisce atá i vótáil.

Chonacthas é seo tar éis foilsiú Thuairisc Chluana an tseachtain seo. Léirigh an tuairisc nár chuir Deoise Chluana rialacha na hEaglaise Éireannaigh i bhfeidhm ó thaobh líomhaintí faoi mhí-úsáid leanaí a chur ar aghaidh chuig na gardaí.

Dhiúltaigh an Vatacáin agus an Papal Nuncio comhoibriú leis an bhfiosrú ar Dheoise Chluana agus léiríodh chomh maith go ndúirt an Vatacáin leis an eaglais in Éirinn in 1996 nár chloí na polasaithe tuairisce diana in Éirinn le polasaithe an Vatacáin fhéin.

Tá cáineadh láidir déanta ag ionadaithe ón rialtas nua ar an Vatacáin de bharr seo. Dúirt an Tánaiste Eamon Gilmore go raibh sé go hiomlán doghlactha gur dímhol an Vatacáin do shagairt in Éirinn líomhaintí faoi ionsaithe ar pháistí a thuairisciú chuig na gardaí.

Tá sé ráite ag cathaoirleach Fhine Gael, Charlie Flanagan, gur cheart an Papal Nuncio a dhíbeart ón tír.

Anois, chuir é sin i gcomparáid leis an méid a bhí le rá ag Brian Cowen in 2009 nuair a nochtaigh Tuairisc Murphy gur dhiúltaigh an Vatacáin comhoibriú leis an bhfiosrú ar ionsaithe gnéis ar pháistí i mBaile Átha Cliath.

Creid nó ná creid ach chosain ár dTaoiseach ag an am seasamh náireach na Vatacáine.

Léiríonn an difríocht simplí seo nach bhfuil na páirtithe 'uilig mar an gcéanna' agus gur fiú vóta a chaitheamh i dtoghcháin.

www.twitter.com/colmobroin

2 comments:

  1. “The law of the land should not be stopped by crosier or by collar,” faoi dheireadh thiar thall! (Dála an scéil, táim féin den bharúil go bhfuil stráinín spaigití i bhfad níos oiriúnaí mar shuainteantas creidimh ná bachall & coiléar, gan trácht ar yarmulka nó turban. Eaglais Arracht an Spaigití Eitilte abú!!!

    ReplyDelete
  2. Tá súil agam go seasann an rialtas an fód an uair seo.

    Ní raibh a fhios agam gur soiscéalaí Pastafárach a bhí ionat : )

    ReplyDelete