Monday 4 July 2011

Admhaím é – is maith liom Glee


camchuairt Glee tagtha go hÉirinn an tseachtain seo agus tá sé in am dom mar sin admháil gur maith liom an clár.

Ní bheidh mé ag dul chun an seó a fheiceáil áfach, ar dhá chúis, a) ní cailín 14 bliain d'aois mé, agus b) nílim ró-thógtha leis an gceol.

Go deimhin féin nuair a bhreathnaím ar an gclár is minic a mhúchaim an fhuaim nuair atáthar i mbun amhránaíochta nó brúm 'Gluais Ar Aghaidh', go háirithe le linn na n-amhrán maoithneacha ó na ceoldrámaí móra.

Taitníonn an clár liom toisc nach bhfuil na carachtair gan smál, fiú stiúrthóir an chlub Glee, Will Schuester.

Ag tús an tsraithe bhí sé ag iarraidh tuilleadh scoláirí a mhealladh chun an chlub ach bhí air duine mór le rá sa scoil a earcú chun é sin a dhéanamh. Chuir sé ina luí ar chaptaen na foirne peile, Finn, bheith páirteach sa chlub trí líomhaintí bréagacha a chur ina leith go raibh cannabas ina sheilbh aige. Slíbhíneachas deas ansin.

Rud eile a thaitníonn liom ná nár ghéill an clár don ghnáthcheachtas ó thaobh an caidreamh 'will they/won't they' idir Schuester agus múinteoir eile, Emma.

An rud is mó a thaitníonn liom faoin gclár áfach ná an greann, go háirithe na carachtair Sue, Puck agus Terri.

Shílfeá nach bhfuil aon bhaint ag an nGaeilge le Glee, ach tá. Agus mé ag déanamh taighde ar thogra tháinig mé ar thagairt do ghrúpa 'Glee' de chuid Conradh na Gaeilge a bhí gníomhach roimh Chogadh na Saoirse.

De réir ráitis ó fhear darbh ainm James McGuill, a bhí mar bhall d'Óglaigh na hÉireann i nDún Dealgan ag an am:

“The Gaelic League at this time produced several plays in Irish and formed a small group of what was known as 'Glee' Singers, who were always at the disposal of rural districts and concerts and their collection of songs, recitations and Irish dances helped to rekindle the spark of Nationality which was at that time rapidly dying out.”

Glee Gaelach, ní bheadh aon drogall orm admháil go dtaitneodh sé sin liom.

http://twitter.com/colmobroin

No comments:

Post a Comment