Wednesday 30 November 2011

An bhfuil gach sceimhlitheoir ar mire, nó Breivik amháin?


Caithfidh mé a rá go bhfuil an-amhras orm faoin measúnú go bhfuil Anders Behring Breivik ar mire. Dar le saineolaithe, bhí Breivik síocóiseach nuair a dhúnmharaigh sé 77 duine san Iorua i mí Iúil.

daoine san Iorua in amhras faoin maíomh seo chomh maith.

Má tá Breivik ar mire, caithfidh go bhfuil gach sceimhlitheoir nó saighdiúr a dhúnmharaigh daoine ar son cúis éigin as a meabhair chomh maith.

Bí cinnte de go raibh cúis shoiléir ag Breivik, is cuma más cúis lofa gan bhunús a bhí ann. Creideann sé gur bagairt iad Moslaimigh don Iarthar agus go bhfuil comhcheilg ar bun ag an eite chlé leo chun smacht a fháil ar an Eoraip. Sin an fáth gur ionsaigh sé daoine óga ó Pháirtí an Lucht Oibre san Iorua.

Má léann tú forógra Breivik feicfidh tú go gcuireann sé a chás i láthair le struchtúr - ní rámhaille atá ann. Níl sé níos áiféisí ná seasamh Al Qaeda go bhfuil an tIarthar ag iarraidh Ioslaim a scrios, nó seasamh Ronald Reagan go raibh bochtáin Ghuatamala, na Salvadóire nó Nicearagua ina mbagairt do na Stáit Aontaithe.

Bhí loigic lofa ag Breivik – níl an dara rogha againn na daoine seo a mharú toisc go bhfuil siad ar tí 'muidne' a scrios. Bíonn an 'loighic' chéanna ag sceimhlitheoirí mórthimpeall na cruinne. Sin an fáth go maraíonn Al Qaeda sibhialaigh de gach reiligiúin agus cúlra agus an fáth gur thacaigh SAM leis an sléacht bharbartha a mharaigh 200,000 duine i Meiriceá Láir sna 70í agus 80í.

Bheadh sé an-éasca dúinn beag is fiú a dhéanamh de Breivik mar 'ghealt'. Tá go leor daoine leis an tuairim chéanna faoi Ioslam agus an eite chlé is atá ag Breivik. Buíochas le Dia nach bhfuil níos mó acu sásta foiréigean a úsáid mar a rinne seisean.

Mura théitear i ngleic le hIoslamafóibe áfach athróidh sé sin amach anseo.