Thursday 21 July 2011

Riail Órga an Chaipitleachais


Tá an-chuid cáinte déanta ag grúpaí den eite chlé ar an tarrtháil atá déanta ar bhainc san Eoraip agus sna Stáit Aontaithe Meiriceá.

Tá na céadta billiún caite ag rialtais ar bhainc a theip de bharr droch-iasachtaí.

Cháin go leor daoine ar an eite dheis an tarrtháil seo chomh maith, ina measc, an Tea Party i SAM agus eacnamaithe mór le rá in Éirinn.

Dar leo, ba cheart na bainc a fhágáil ag rialacha an chaipitleachais agus ligint dóibh teipeadh go hiomlán.

Ní thuigeann siad riail órga an chaipitleachais áfach, go gcuirfear gach prionsabal caipitleach ar fionraí má chaithfear saibhreas an uasail aicme a chosaint.

Tá tuairim shoineanta acu go gcreideann lucht an rachmais i rialacha an chaipitleachais – an fhírinne ná go dtacaíonn siad le pé córas a thuillfidh níos mó airgid dóibh. Is é saint agus féinleas bunchlocha an chaipitleachais, mar sin, níl aon chúis nach gcuirfeadh siad a rialacha féin ar leataobh chun níos mó airgid a thuilleadh.

An raibh creidimh daingean ag na tiarnaí agus barúin sa feodachas agus ag ríthe agus impirí sa schlábhaíocht, nó ar thacaigh siad leo toisc gur bhain siad leas as na córais eacnamaíochta sin?

Deir na daoine a thacaíonn le tarrtháil na mbanc go gcaithfear é a dhéanamh toisc go gclisfeadh ar an gcóras ar fad dá dteipfeadh ar na bainc. Sé sin, teipfidh ar an gcaipitleachas má chloítear le rialacha an chaipitleachais.

Tá go leor fadhbanna ag an gcóras reatha ach an bhfuil córas níos fearr ann? Go dtí seo níl an fhianaise ó thíortha sóisialacha ró-láidir. Tá sampla rathúil amháin den sóisialachas daonlathach sa tríú domhain, Kerala san Ind, ach níl aon cheann sa chéad domhain.

Tá neart deashamplaí den daonlathas sóisialta áfach, sna tíortha Lochlannacha ach go háirithe, agus ní mór d'Éirinn a n-eiseamláir a leanúint.

www.twitter.com/colmobroin

No comments:

Post a Comment