Tuesday 12 July 2011

An tOrd Oráisteach


Beidh na mílte baill den Ord Oráisteach ag mairseáil sa Tuaisceart inniu le ceiliúradh a dhéanamh ar Chath na Bóinne. Beidh na mílte eile ar shráideanna na sé chontae ag tacú leis an gcomóradh ar chaithréim Rí Liam in 1690.

Táthar ann a cháineann an tOrd de bharr nach féidir le Caitlicigh a bheith mar bhaill den eagraíocht, ach níl aon chiall leis an gcáineadh sin. Is eagraíocht Phrotastúnach é nach ligeann do dhaoine ó chreidimh eile bheith páirteach ann, agus níl aon rud cearr le sin. Ní bheadh aon chiall le daoine neamh-Chaitliceacha a bheith páirteach in Opus Dei nó Léigiún Mhuire, mar shampla.

Níl chiallaíonn sé seo nach bhfuil údar gearáin ag daoine faoin Ord Oráisteach áfach, go háirithe Caitlicigh agus náisiúntóirí ó Thuaidh.

Níl aon amhras ach gur eagraíocht antoisceach frith-Chaitliceach atá san Ord. Ní féidir le baill den Ord a bheith pósta le Caitlicigh agus ní féidir leo freastal ar sheirbhís Chaitliceach. Seans nach bhfuil cead acu freastal ar sheirbhísí de chuid aon chreideamh eile, ach is é an Caitliceachas an t-aon reiligiún a luaitear i mionn an Oird.

Eagraíonn an tOrd iliomad mairseáil gach bliain le ceiliúradh a dhéanamh ar chath a chaill Caitlicigh in Éirinn. Tar éis an chatha cuireadh dlíthe frith-Chaitliceacha i bhfeidhm sa tír agus cuireadh Caitlicigh faoi chois ar feadh na céadta bliain.

An bhfuil íonadh ar éinne go gcuirfeadh eagraíocht dá leithéid isteach ar Chaitlicigh? Go dtí go mbaintear na rialacha frith-Chaitliceacha ní bheifear in ann séanadh ach gur eagraíocht bhiogóideach atá san Ord.

Mar aon le Caitlicigh, tá údar gearáin ag náisiúntóirí faoin Ord. Tá dlúthbhaint ag an Ord le polaitíocht, bhí siad páirteach i mbunú an UUP agus chonacathas anuraidh go raibh sé i lár an aonaigh ó thaobh an vóta aontachtach a mhéadú. Sheas an tOrd in aghaidh Comhaontú Aoine an Chéasta agus tá siad in aghaidh na cumhachtroinnte i Stormont.

Ní féidir a shéanadh ach gur eagraíocht náisiúnach Briotanach docht atá san Ord agus níor cheart go mbeadh íonadh ar éinne go mbeadh náisiúntóirí Éireannacha buartha go mbeadh an tOrd ag iarraidh ceiliúradh a dhéanamh i gceantar ina bhfuil go leor acu ina gcónaí.

Déantar cur síos ar imeachtaí an Oird mar chuid de chultúr an Tuaiscirt, ach ní chiallaíonn sé sin nach féidir é a cháineadh má tá sé tuillte aige. Shílfeá, i sochaí scoilte ar nós Thuaisceart Éireann, nach bhfuil sé ceart ná cóir go mbeadh pobal amháin ag déanamh ceiliúradh ar bhua a fuair siad ar an bpobal eile, go háirithe leis na mílte máirseáil.

Ní fios dom an bhfuil sochaí deighlte eile ar domhan ina dhéanann sciar amháin den phobal ceiliúradh ar bhua a fuair siad ar an gcuid eile. Samhlaigh dá ndéanfadh an pobal Easpáinneach i bPeiriú nó Guatamala ceiliúradh ar bhua a bhí ag a sinsir ar an bpobal Ceastuach nó Máigeach faoi seach.

Mholfainn don Ord Oráisteach deireadh a chuir leis an bhfrith-Chaitliceachas agus an seasamh docht atá acu in aghaidh na cumhachtroinnte agus laghdú a dhéanamh ar líon na máirséalaithe atá acu, go háirithe na cinn nach bhfuil ar 12ú Iúil.

Tá áit an Tuaiscirt sa Ríocht Aontaithe slán go dtí go vótáileanna móramh ar son Éire Aontaithe, agus tá glactha ag náisiúntóirí Éireannacha le sin. Tá sé thar am don Ord Oráisteach glacadh leis nach féidir leo a rogha rud a dhéanamh agus go bhfuil freagrachtaí acu ó thaobh dea-chaidreamh a chothú idir an dá phobal sa Tuaiscirt.

www.twitter.com/colmobroin

No comments:

Post a Comment