Rinne mé gné-alt do Ghaelscéal le déanaí faoin méid a bheadh i ndán don
Ghaeilge dá mba rud é go raibh an tuar a rinne an Staidéar Cuimsitheach cruinn – sé sin
nach mbeidh an Ghaeilge mar phríomhtheanga na nGaeltachtaí is láidre i gceann
10-15 bliain.
Ceann de na
ceisteanna a phléadh ná caighdeán na Gaeilge san am atá le teacht. Léirigh Máire Ní Neachtain ó
Ollscoil Luimnigh imní faoi chúrsaí foghraíochta, an consan caol agus an ‘ch’ ach go
háirithe.
Níl an
fhuaim sin sa Bhéarla agus ní féidir le go leor daoine atá tar éis an Ghaeilge
a fhoghlaim í a rá go nádúrtha. Gan é ní féidir idirdhealú a dhéanamh idir
foclaí ar nós ‘cuir’ agus ‘chuir’, ‘cheannaigh’ agus ‘ceannaigh’ srl.
Tá réiteach
simplí agam ar an bhfadhb áfach. Is féidir le foghlaimeoirí foghraíocht Uladh a úsáid
ó thaobh an ‘ch’ seachas foghraíocht Chonnacht nó Mumhan.
Tá ‘ch’ na
nUltach i bhfad níos boige ná ‘ch’ na gConnachtach nó na Mumhanach.
Is cur cíos
garbh é seo dar ndóigh ach don chuid is mó bíonn an ‘c’ beagnach ciúin sa ‘ch’
agus fuaimnítear an ‘h’ amháin.
Smaoinigh ar
an mbealach a deir Conallaigh ‘chuaigh’ ‘teach’, ‘isteach’, ‘achan’ srl.
Dá bhrí sin,
má tá muid ag iarraidh go mbeadh foghlaimeoirí Gaeilge ag rá an ‘ch’ le
foghraíocht dhúchasach amach anseo is féidir foghraíocht 'ch' Uladh a chur chun
cinn!
Mar fhocal
scoir, ní hé an ‘ch’ an t-aon "fhadhb" foghraíochta atá ag Éireannaigh. Ní féidir
le formhór na nÉireannach ‘th’ an Bhéarla a rá toisc nach bhfuil sé le fáil sa
Ghaeilge. De bharr seo ní féidir idirdhealú a dhéanamh idir foclaí ar nós
‘thought’ agus ‘taught’, ‘three’ agus ‘tree’, nó go deimhin féin, ‘third’ agus
‘turd’!
Ainneoin seo
is beag duine a deireadh sa lá atá inniu ann go bhfuil droch-Bhéarla ag
Éireannaigh, ach sin scéal eile.
No comments:
Post a Comment