Foilsíodh leabhar dar teideal The Fyrst Boke of the Introduction of Knowledge le Andrew Borde in 1547. Bhí eolas ann faoi roinnt theangacha, an Ghaeilge ina measc. Tá giotaí cainte ón leabhar le fáil in Leabhrann Laighinigh le Daithí Ó hÓgáin, nach maireann.
Dar leis an
mbéaloideasóir iomráiteach ba rídhealraitheach gur i mBaile Átha Cliath a
bailíodh é. Tá idir uimhreacha agus abairtí ann agus mheas Ó hÓgáin gur
bailíodh iad ó níos mó ná cainteoir amháin. Tá roinnt eolais faoi chanúint na
ngiotaí níos faide síos.
Tá
leaganacha Borde faoi leaganacha Uí Ógáin.
An ólthá
deoch, sir. Dé ‘bheatha ‘un an bhaile
(Anoha dewh,
sor? De wan wely)
Canas ‘tá
tú?’ ‘Tá mé go maith, go raibh maith agat
(Kanys
stato? Tam a goomah gramahagood).
Sir, bhfuil
Gaeilig agat? Tá suim agam dhi.
(Sor, woll
galow oket? [Syr, can you speak Iryshe?] Tasyn agomee).
A chailín,
tar anseo – tabhair deoch!
(Kalyn,
tarin chow, toor dewh!)
A bhean an
tí, ‘bhfuil bia maith agat? Tá go leor.
(Benitee,
wyl beemah hagoot? Sor, tha gwyler).
A bhean an
tí, tabhair arán! A fhear an tí, tabhair fíon!
(Benytee,
toor haran! Farate, toor fyen!)
A chailín,
tabhair cáis! A bhean an tí tabhair feoil!
(Kalyn, toor
case! Benyte, toor foeule!).
Tabhair iasc!
Déanfa’ go subhach!
(Toor yeske!
Teena go sowgh!)
Gá ‘fhad as
seo go Port Láirge? Míle a haon ar fhichid.
(Gath haad o
showh go part laarg? Myle hewryht)
Gá mhéid
buille a’ chlog? Sé bhuille a’ chlog.
(Gaued
bowleh glog? She wyllya glog)
Gá fhad go
racha muid ‘un ar suipéir?
(Gahad rah
moyd aner soper?)
Tabhair
cuntas dúinn, a bhean an tí. Íocfa’ tú trí pingine.
(Toor
countes doyen, benitee. Yeke ke to tre pyniny)
Gathain a
racha’ muid a chodladh? Anois féin.
(Gah hon rah
moyd holowh? Nish feene)
Oíche mhaith
sir! Sor duit sor duit [soraidh duit]!
(Ih may,
sor! Sor doyt, sor doyt!)
1 - hewen
2 - dow3 - tree
4 - kaar
5 - quiek
6 - seh
7 - showght
8 - howght
9 - nygh
10 - deh
11 - hewnek
12 - dowek
13 - tredeek
14 - kaardeek
15 - quiekdeek
16 - sehdeek
17 - showdeek
18 - howghtdeek
19 - nythdeek
20 - feh
21 - ‘haon fichead
(hewn feet)
22 - dó
fichead (dowfeet) 23 - trí fichead (trefeet)
30 - deich fichead (dehfeet)
40 - daichead (‘eayet)
50 - deich agus daichead (dewhegesdayth)
60 - trí fichid (trefeet)
100 - keede
Dar le Daithí Ó hÓgáin tá foghraíocht thuaisceartach le brath sna focail seo – aon, dó, fiche, daichead, deoch, baile, seo, oíche mhaith, soraidh duit.
Tá
foghraíocht thuaisceartach nó lár tíre ag na focail seo - ceathair, íocfá tú, racha muid, ár.
Tá samplaí a
réitíonn le deisceart Laighin nó oirthear Mumhan freisin – naoi, deoch, déag,
céad.
‘Buille a
chlog’ a dúradh sa cheantar céanna chomh maith.
Rud
spéisiúil eile ná go bhfuil dhá leagan den fhocal ‘agat’ – ‘oket’ (lár-tíre)
agus ‘agoot’ (Mumhan).
Tá abairt
amháin a mhéascan dhá chanúint – ‘Dé ‘bheatha ‘un an bhaile’. Tá cuma
deisceartach ar an tús ach cuma tuaisceartach ar an gcuid eile.
Is cosúil,
mar sin, gur meascán mearaí a bhí sa Ghaeilge a labhraíodh i mBaile Átha Cliath
san 16ú Céad – Plus ça change!
Plus ça change go deimhin! Go raibh maith agat as an mblagmhír seo.
ReplyDeleteHea, sin alt inspéise agat a Choilm.
ReplyDelete…Gheobhfar scanáil den bhunleabhar féin ar líne ar Google Books ar aon le archive.org mar a scríobh tusa, a Choilm: https://play.google.com/books/reader?id=1-sAOJoEWb0C&printsec=frontcover&output=reader&authuser=0&hl=en&pg=GBS.PR1
DeleteGo raibh maith agaibh. Molaim daoibh Leabhrann Laighnigh a cheannach - leabhar den scoth atá ann.
ReplyDelete