Friday 21 October 2011

Téarma Uachtarántachta amháin, ar feadh seacht mbliana


Ó thosaigh an feachtas Uachtarántachta táthar ag caint ar leasú a dhéanamh ar théarma na hoifige. Faoi láthair maireann an téarma seacht mbliana agus tá cead ag an Uachtarán dhá théarma a chaitheamh san Áras.

Ceann de na moltaí ná go leanfadh an téarma ar feadh cúig bhliana ionas nach mbeadh Uachtarán sa phost ar feadh 14 bliain dá gceapfaí iad faoi dhó.

Sílim gur cheart an post a leasú – ba cheart an téarma a fhágáil ag seacht mbliana, ach srian téarma amháin a chur ar gach Uachtarán.

Ceannaire Stáit gan chumhacht atá san Uachtarán agus tá sé nó sí ceaptha bheith 'os cionn' na polaitíochta. Ní bhíonn aon bhaint acu le riaradh na tíre agus is annamh a dhéantar cáineadh orthu.

An t-aon am a tharla sé sin, in 1976, d'éirigh Cearbhall Ó Dálaigh as an bpost “to protect the dignity and independence of the presidency as an institution”.

Bhí roinnt conspóide ann in 2004 nuair a ceapadh Máire Nic Giolla Íosa don dara théarma gan toghchán. Abraimis go raibh toghchán ann - bheadh uirthi teacht anuas ón ardán neamh-pholaitiúil ómósach go gáitéar na polaitíochta arís.

Tá sé feicthe againn le cúpla mí anuas cé chomh salach agus gaingeadach is atá toghchán na hUachtarántachta, agus ní bheadh sé ceart ná cóir go mbeadh ar an Uachtarán bheith páirteach ina leithéad d'fheachtasaíocht mhíchuibhiúil.

Dá mbeadh an bua ag Nic Giolla Íosa in 2004 fillfeadh sí ar Áras in athuair, ach is cinnte nach mbeadh an meas céanna ag an bpobal uirthi dá mbeadh sí ag argóint leis na hiarrthóirí eile.

Mar sin molaim fad an téarma a fhágáil ag seacht mbliana, ach srian téarma amháin a chur leis an Uachtarántachta.

8 comments:

  1. Cén fáth a bhfuil uachtarán ag teastáil uaibh ar chor ar bith? Feictear dom go bhfuil a leithéid chomh díomhaoin le didí ar thorc. Agus má tá a leithéid ag teastáil, nach mbeadh paid professional, .i. aisteoir, níos simplí agus níos éifeachtaí?
    ;-)

    ReplyDelete
  2. D'fhéadadh muid maireachtáil gan Uachtarán is dócha, ach is maith le daoine go bhfuil ceannaire stáit againn atá os cionn na polaitíochta, duine nach bhfuil conspóid ag baint léi. Mar shampla, rinne an slua ag cluichí sacair de chuid na hÉireann fónóid nuair a tháinig Bertie Ahern amach ar an bpáirc i Staid Lansdúin ring chluihcí sna blianta deireanacha dá thréimhse mar Thaoiseach. Ní tharlódh a leithéad le hUachtarán.

    Dála an scéil an bhfuil sanasaíocht 'didí' agat? Tá an focal sin in úsáid i mbéarlagair Béarla na hÉireann (agus na hAlban de réir dealraimh)leis an mbrí chéanna. http://www.urbandictionary.com/define.php?term=diddy&defid=282843

    ReplyDelete
  3. Bhí an focal “did” sa Ghaeilge tuairim is míle bliain ó shin, ar a laghad, de réir fianaise na lámhscríbhinní. Is rí-dhócha gur “mot à redoublement de caractère expressif, du vocabulaire enfantin” atá ann (Lexique étymologique de l'irlandais ancien). Is dócha go raibh an focal seo sa Ghaeilge le fada mar sin. “Titty” an leagan Meiriceánach de, dála an scéil.

    ReplyDelete
  4. Didymus sa Laidin agus "Didymous" sa Ghréigis a tá ann. "Cúpla" is brí leis .i. dís a rugadh i dteannta a chéile.

    Ciallaíonn sé anois "fás nó borradh ina chúpla" .i. dhá chíoch.

    Is dóigh go dtagann an focal Gaeilge dide ón Bhéarla.

    A DhK, ní chreidim go luíodh didí le toirc ó thaobh cruinneas cainte de, fág scóipiúlacht an chainteora ar lár :-) Balláin?? ;-)


    Fearn

    ReplyDelete
  5. Is maith an focal é "ballán", a Fhearn-i-bhfolach-gan-sloinne, agus GRMA as. Buachaill cathrach atá ionam. Níl iontaoibh dá laghad agam, áfach, as an tsanasaíocht sin, atá an-chosúil leis an gcineál cumadóireachta a fhaightear in Sanas Cormaic.

    ReplyDelete
  6. Is fíor nach bhfuil "slabhra na fianaise" agam i leith an teoiric a spíon mé, a DhK, ach tá a rian ann.

    Is ionadh dom nach bhfuil "did(e)" i nGaeilge na hAlban, cé go bhfuil "dìd" acu ar aon dul agus bíog na Gaeilge (?). Seans nach bhfuil dide na linne seo ag eascairt ón "did" úd míle bliain.

    Ar mhaithe le cruinneas arís, níl aon rud cearr leis an dóigh ar bhain tú úsáid as "didí".


    Fearn

    ReplyDelete
  7. A Choilm,

    "gáitéar na polaitíochta"
    Sin focal cuí!

    "Tá sé feicthe againn le cúpla mí anuas cé chomh salach agus gaingeadach is atá toghchán na hUachtarántachta, agus ní bheadh sé ceart ná cóir go mbeadh ar an Uachtarán bheith páirteach ina leithéad d'fheachtasaíocht mhíchuibhiúil."

    Sílim fhéin go bhfuil pobal na hÉireann fós ag lorg sceilpín gabhair chionn is gur bhaineadh a n-ionnús uathu sula deach siad ina gcleacht. Beag an baol go gcuirfidh siad an pionós ar na daoine atá freagrach

    Fearn

    ReplyDelete
  8. Agus is cosúil go mbeidh duine a bhí bainteach le FF ar feadh na blianta san Áras muis.

    GRMAgaibh don eolas sánásaíochta spéisiúil sin.

    ReplyDelete