Monday 3 October 2011

Ochón, ochón tá Blagadóireacht na Gaeilge marbh

Scríobh Breandán Delap alt ar Beo.ie tamall ó shin a mhaígh go raibh blagadóireacht na Gaeilge chomh marbh le hArt.

An fhianaise a luaigh sé don ráiteas gruama seo ná an easpa chlúdaigh a thug blagadóirí na Gaeilge don scanall ionsaí gnéis i gColáiste Cholmcille agus an laghdú atá tagtha ar ghníomhaíocht ar bhlaganna áirithe.

Ina measc bhí Garraí Johnny Mhorgan, iGaeilge, An Druma Mór, an tImeall, Dónal na Gealaí, Blag Mháirtín Uí Mhuilleoir agus Blag na Gaeilge.

Scríobhadh an t-alt, Blagadóireacht na Gaeilge RIP, ag tús na míosa, agus d'fhéadfaí a rá gur léiriú eile é ar easpa beochta na blagadóireachta Gaeilge gur thóg sé mí orm freagra a thabhairt ar an maíomh éadóchasach seo.

I rith na míosa chaill Ciarraí Craobh Pheile na hÉireann in éadan Bhaile Átha Cliath. Samhlaigh dá scríobhadh saineolaí spóirt alt faoin méid a bhí déanta ag foireann Chiarraí le deich mbliana anuas agus gur luaigh siad na cluichí a chaill an Ríocht in aghaidh na Mí, Ard Mhacha, Tír Eoghain (faoi thrí), an Dún agus Baile Átha Cliath.

Samhlaigh gur sin an méid a bhí san alt, agus nár luadh na craobhacha a bhuaigh Ciarraí in 2004, 2006, 2007 agus 2009. Is ionann sin agus an t-alt faoi bhlagadóireacht na Gaeilge.

Níl sé ceart ná cóir an drochscéal a lua agus neamhaird a dhéanamh den dea-scéal. Má táthar chun cur síos a dhéanamh ar na blaganna atá imithe le sruth ní mór na cinn atá beo agus gníomhach a lua chomh maith.

Ní mór cuir san áireamh chomh maith go bhfuil gach seans ann go bhfuil neart blaganna Béarla imithe le sruth ó thosaigh an bhlagadóireacht in Éirinn. Ní fheictear domsa ach an oiread go bhfuil mórán tionchair imeartha ag blagadóireacht an Bhéarla ar an bpobal i gcoitinne in Éirinn.

Ó thaobh an bhlaig seo de ba cheart dom níos mó a scríobh air, an t-aon chúis nach ndéanaim amhlaidh ná am, ach dar ndoígh, ba cheart dom níos mó ama a chur ar leath-taobh don bhlag.

Cuireann an t-alt ar Beo.ie ráiteas i gcuimhne dom a rinne craoltóir Raidió na Gaeltachta, Máirtín Mac Donnchadha, roinnt blianta ó shin go raibh Gaeltacht Mhaigh Eo 'chomh marbh le hArt'. Anois tá's againn go bhfuil cainteoirí dhúchais beo beathach i Maigh Eo, agus go bhfuil páistí á dtógáil le Gaeilge, cé go bhfuil cúrsaí ag éirigh níos laige i gcónaí.

Seans nach bhfuil tuiscint iomlán agam ar an mbrí atá le 'chomh marbh le hArt' ach shílfeá gur rud nach bhfuil ann a thuilleadh atá i gceist. Más féidir a rá go bhfuil Gaeltacht Mhaigh Eo chomh marbh le hArt céard faoi Ghaeltacht Liatroma nó Gaeltacht Ros Comáin, chomh marbh le seanathair Airt?

Tá an Ghaeilge lag a dhóthain cheana féin - níor cheart neamhaird a dhéanamh den laigeacht seo, ach níor cheart áiféala a dhéanamh air ach an oiread.

www.twitter.com/colmobroin.

4 comments:

  1. Art = cloch san nath úd.

    Sílim go raibh míthuiscint ar Bhreandán faoin gceist.

    ReplyDelete
  2. Dúradh liom tráth dá raibh gur duine a bhí ann (athair Chormaic Mhic Airt), agus scríobhtar 'Art' seachas 'art' go minic, ach deimhníonn Ó Dónaill an méid atá á rá agat!

    ReplyDelete
  3. Féach seofocaniontac.com le blag beo beathach, úr iontach, focan foirfe a fheiscint.

    E ó SFI.com

    ReplyDelete