Monday 22 August 2011

Teip Translations


Chonaic mé dráma Brian Friel, Translations, don chéad uair le déanaí. Baineann an dráma le meath na Gaeilge i nDún na nGall, in áit darbh ainm Baile Beag.

Tá sé suite in 1833 agus an tSuirbhéireacht Ordanáis ag déanamh Béarlaithe ar logainmneacha na tíre. Bhí go leor cloiste agam faoi Translations i rith na mblianta, ach bhí díomá orm faoin dráma.

Shíl mé roimh ré gur léiriú ar na fáthanna gur tháinig meath ar an nGaeilge a bhí ann, ach theip ar an dráma an t-athrú sóisialta ollmhór seo a mhíniú.

Cuirtear go leor cúiseanna chun cinn i rith Translations le míniú a thabhairt ar an bhfáth gur fhoghlaim daoine Béarla – bochtanas, imirce srl. Sean scéal agus meirg air atá ann.

Tuigeann gach duine na buntáistí a bhaineann leis an mBéarla. Thuig daoine é in 1833 agus tuigeann daoine timpeall na cruinne é in 2011.

Níl mistéir nó iontas ag baint le hÉireannaigh san 19ú hAois a bheith ag iarraidh Béarla a fhoghlaim – is rud iomlán nádúrtha go bhfoghlaimeodh daoine teanga na himpireachta atá i gceannas ar a dtír. D'fhoghlaim daoine i dTíomór Thoir Indinéisis, d'fhoghlaim Seicigh, Slóvacaigh agus Polannaigh Gearmáinis, d'fhoghlaim Eastónaigh, Laitviaigh agus Liotuánaigh Rúisis.

Chuir Translations neart roghanna bréagacha os comhair an lucht féachanna – Béarla nó Gaeilge, Béarla nó bochtanas, (go deimhin tugann an dráma le fios nár mhúin scoileanna scairte an Béarla, ach nílim cinnte an bhfuil sé sin fíor).

An difríocht idir Éireannaigh agus Tíomóraigh, Seicigh, Eastónaigh srl ná nár stop siadsan ag labhairt a dteangacha dúchais tar éis dóibh teangacha a máistrí a fhoghlaim.

Ó thaobh cúrsaí teanga in Éirinn ní hé 'Cén fáth ar fhoghlaim daoine Béarla' an cheist is tábhachtaí, ach 'Cén fáth ar stop daoine ag labhairt Gaeilge.”

Theip ar Translations díriú ar an gceist seo.

Is cinnte gur chuir na Breatanaigh brú ar dhaoine droim láimhe a thabhairt don Ghaeilge, ach níor chuir siad iachall ar éinne. Féin-mharú cultúrtha a bhí ann.

Níl na fáthanna don fhéin-mharú seo chomh láidir is a bhí, ach tá siad fós beo in Éirinn, rud a mhíneoidh mé in alt amach anseo, agus tá siad fós ag baint an bhoinn den Ghaeilge.

6 comments:

  1. Tá sé píosa ó chonaic mé an dráma, agus thaitin sé liom an uair úd.

    Tá gné nár luaigh tú ann - spéis "ársaíochta" an oifigigh Sasanach sa Ghaeilge. Cuid den scéal chasta é sin.

    Ról dráma ceisteanna a spreagadh, ní iad a fhreagairt.

    ReplyDelete
  2. Níor chuir sé an cheist, léirigh sé an bealach a d'athraigh rudaí, thug sé cúpla cúis gur fhoghlaim daoine Béarla, sin é.
    Maidir leis an oifigeach, is cuma má raibh spéis phearsanta aige sa Ghaeilge nó gur mhothaigh sé ciontach as an tír a Bhéarlú - rinne é a jab ar aon nós.

    ReplyDelete
  3. Sílim go bhfuil tú ag déanamh éagóir ar an suirbhéireacht ordanáis ansin: bhailigh siad an dúrud eolas ar logainmneacha a bheadh caillte gan iad!

    ReplyDelete
  4. Táim cinnte gur bhailigh, ach is rogha bréagach atá ann arís, suirbhéireacht na mBreatnach nó suirbhéireacht ar bith. Níl ann ach mionphointe ar aon chaoi maidir leis an easpa léargáis a thug an dráma ar mheath na Gaeilge.

    ReplyDelete
  5. Is éard a bhí i gceist agam ná an "ársaíocht" a spreag an bailiú eolais sin, a bhí neamhspleách ar an suirbhéireacht. Is cuid de stair agus de spreagadh na hAthbheochana an ársaíocht céanna; agus is cuid den ceist na Gaeilge inniu é (cuid ar mithid dul thairis - paimfléid fiúntach ag Mac Siomóin ar an gceist "Ó Mhársa go Magla")

    ReplyDelete
  6. Maidir le inniu- is teanga deacair chun a fhoghlaim í an Ghaeilge! Muna bhfuil tuismitheoir agat le Gaeilge nó muna chuaigh tú go gaelscoil tá sé an-deacair chun greim a bheith uirthi! Ba chóir na teanga a shimpliú beagáinín sílím!

    ReplyDelete