Monday 1 August 2011

NAMA: Cairt na ngaimbíní


Tá cúpla scéal suimiúl sna meáin faoi NAMA le déanaí a léiríonn nach bhfuil ann ach cairt do ghaimbíní na hÉireann.

Bunaíodh NAMA chun drochfhiacha maoine na mbanc a thógáil óna gcuid cuntas. An teoiric a bhí ann ná go mbeadh na bainc in ann iasachtaí a thabhairt go comhlachtaí dá mbainfí na drochfhiacha. Gan amhras theip go hiomlán ar an mbunaidhim sin.

An dara chuid den phlean ná go gcoimeádfadh NAMA an mhaoin go dtí gur ardaigh praghsanna in athuair agus go bhféadfeadh siad brábús a dhéanamh amach anseo. Ach céard a tharlaíonn mura n-ardaíonn na praghsanna?

Tá go leor forbairtí ceannaithe ag NAMA ó na bainc, 8,000 teach san áireamh, ach má thiteann luach na maoine seo caillfidh NAMA airgead (chaill siad €1.1bn in 2010). De réir mar a thiteann luach na bhforbairtí atá ag NAMA ardóidh caillteannais na háisíneachta agus an costas don cháiníocóir.

Anois tá NAMA ag cur a ladhar isteach sa mhargadh tithíochta ach ag séanadh ag an am céanna go bhfuil siad ag cur a ladhar isteach sa mhargadh tithíochta.

An aidhm ná an margadh a “spreagadh”. Má cheannaíonn tú teach ó NAMA ar €200,000 le hearlais €20,000, mar shampla, íocfaidh NAMA as má thiteann an luach 20% thar cúig bhliana. Má thiteann an praghas €40,000, ní bheidh ort ach €140,000 a íoc arais chuig na bainc – íocfaidh NAMA, sé sin an pobal, as an gcuid eile.

Nochtaíodh chomh maith go mbeidh na forbróirí atá ag comhoibriú le NAMA in ann airgead a dhéanamh fiú má tá an praghas a dhíoltar a gcuid maoine faoi bhun an luach a bhí ar na hiasachtaí sa chéad dul síos.

Mar shampla, dá mba rud é gur íoc NAMA €600m chun iasacht €1bn a bhaint ó leabhair na mbanc, gheobhaidh an forbróir a fuair an iasacht sin 10% de bhrabús NAMA má éiríonn leo an fhorbairt a dhíol ar €650m, mar shampla. Beidh muintir na hÉireann ag íoc as an gcaillteanas €350m a rinne na bainc ar an iasacht sa sampla seo – athchaiptliú a ghlaotar air.

Anuas ar sin tuairiscítear go bhfuil NAMA ag admháil anois nach mbeidh siad in ann suas le €37bn a fháil ar ais ó fhorbróirí. 'Maithiúnas fiachais' an t-ainm atá ar seo. Beidh ar an bpobal glacadh leis na fiacha seo de réir mar a sheasann rudaí.

Aisteach go leor ach nuair a mholtar 'maithiúnas' d'iarfhiacha na mbanc agus na bhforbróirí atá a i seilbh an cháiníocóra, deirtear go scriosfadh a leithéid córas baincéireachta na hEorpa, nó an domhan fiú.

Is fior go bhfuil rialacha ar leith do Mháistrí na Cruinne agus rialacha eile don chosmhuintir.

Níl i NAMA ach cairt do na máistrí áitiúla.

No comments:

Post a Comment