Bhí go leor cloiste
agam faoi chonsain chaola na Gaeilge ach ní raibh a fhios agam go dtí
le déanaí ceard go díreach a bhí i gceist leo.
Shíl mé, mar shampla
gurb é 'bow-hir' an fuaimniú ar 'bóthair' – ach ní amhlaidh
atá.
D'fheastal mé ar
ghaelscoileanna ach ní chuimhin liom gur dúradh aon rud linn fúthu.
Is amhlaidh a bhí sé agus mé ag déanamh cúrsa gramadaí mar
chuid de ard-dioplómá cumarsáide in OÉG.
Rinne mé cuardach ar
líne le míníu a fháil ar fhuaim na gconsan seo ach níor tháinig
mé ar rud ar bith úsáideach, níl IPA agam.
Ar aon chaoi tá
leigheas aimsithe agam ar an gceist seo leis na fuaimrianta ar
focloir.ie
R caol
Brú 'bóthar' agus
'bóthair'.
L caol
Brú 'súl' agus
'súil'.
Níor tháinig mé ar
shamplaí do na consain eile go fóill.
(Ní saineolaí mé ar chúrsaí gramadaí mar sin má tá botún éigin déanta agam leis an bpost leis abair liom le bhur dtoil!)
No comments:
Post a Comment