Friday 13 January 2012

An torc i logainmneacha na hÉireann


Tá díospóireacht ar siúl faoi láthair maidir le stádas an toirc in Éirinn.

Le blianta beaga anuas thángthas ar an ainmhí sa tír, idir chinn a d'éalaigh ó fheirmeacha agus cinn a scaoil sealgairí d'aon ghnó.

Speicis Ionracha Éireann ag iarraidh stop a chur le scaipeadh an toirc, ach ní aontaíonn an Irish Wildlife Trust leis an bpolasaí seo.

Dar le Speicis Ionracha Éireann ní ainmhí dúchasach iad toisc nár tháinig siad go hÉireann as a stuaim féin i ndiaidh an Oighir Aois deireanach - thart ar 8,000 RC.

Dar leo thóg daoine iad go dtí an tír níos déanaí. De réir cláir sa tsraith 'Ag Dul in Éag' ar TG4 maraíodh an torc deireanach in Éirinn san 12ú hAois.

Ceist chasta atá ann ach níl aon dabht ach go ndeachaidh an torc (nó an collach mar a ghlaodh air chomh maith) i bhfeidhm ar dhaoine in Éirinn - mar a léiríonn an Fhiannaíocht agus na logainmeacha seo.

Inisturk - Inis Toirc - Boar Island
Kanturk - Ceann Toirc - Boar Head
Maamturk - Mám Toirc - Boar Pass
Bailieborough - Coill an Chollaigh - Boar Wood
Ballincollig - Baile an Chollaigh - Boar Townland

Má bhreathnaíonn tú ar 'Ainmneacha Cosúla' ag an nasc seo feicfidh tú go bhfuil go leor logainmneacha eile a bhaineann leis an torc, cúig 'Cluain Torc' ina measc.

www.twitter.com/colmobroin

2 comments:

  1. Tá áthas orm go bhfuil siad ar ais! Anois, céard faoin mbéar agus faoin mac tíre? Agus na coillte darach a bhíodh ann fadó?

    Maidir le “collach”, is cosúil gur focal réasúnta nua é leis an mbrí “torc”. “Corpulent (man)” an chiall a bhí leis sa tSean-Ghaeilge.

    ReplyDelete
  2. Ní dóigh liom go bhfuil go leor fásaigh againn don mhac tíre nó don bhéar faoi láthair - tá fear in Albain ag iarraidh mic tíre a thabhairt ar ais - feicfidh muid cén chaoi a n-éiríonn leo. Táim ag ceapadh go bhfuil áibhéal á dhéanamh ar bhaol an toirc. Maidir le collach, an bhfuil tú ag rá go bhfuil seans ann gur 'Fat Man Town' an brí atá le Baile an Chollaigh lol!

    ReplyDelete