Wednesday 21 December 2011

An-tóir ar dhrámaí Gaeilge i mBaile Átha Cliath


Bhí páirt an-bheag agam i léiriú de chuid Aisteoirí Bulfin le déanaí - Gur Eile. Seo an chéad uair ó rang na naoínán móra a rinne mé aisteoireacht agus bhain mé an-sult as.

Bhí beagáinín d'imní orm nuair a chuala mé go mbeadh dráma Gaeilge eile, Sétanta, ar siúl ag an am céanna in Amharclann na Mainistreach. Cheap mé go mbeadh an lucht féachana do Gur Eile, a bhí ar siúl sa New Theatre, go mbeadh sé thíos leis dá bharr.

Ní amhlaidh a bhí, ná baol air. Bhí Gur Eile lán ón gCéadaoin go dtí an Satharn. Seo an chéad uair d'Aisteoirí Bulfin léiriú a dhíoladh amach go hiomlán ó bunaíodh an compántas ag deireadh na 1960í.

Bhí an-ráth ar Sétanta chomh maith. Díoladh é amach ceithre oíche agus bhí sé trí cheathrú lán an cúigiú oíche. Tá díomá orm nach raibh mé in ann é a fheiceáil ach tá súil agam go mbeidh sé ar siúl arís.

Sílim gur éacht den scoth a bhí ann dhá dhráma Gaeilge a chur ar siúl sa chathair ag an am céanna agus oiread sin tóir a bheith orthu.

Ardú croí atá ann gan amhras.

www.twitter.com/colmobroin

3 comments:

  1. Ardú croí atá ann gan amhras.

    Gan dabht dá laghad! Bualadh bos!

    Dála an scéil, ó tá mé as an lúb, cad is brí le "gur" anseo?

    ReplyDelete
  2. GRMA, Glacaim leis 'gur' fuaimfhoclaíocht ar an torann a dhéanann goraillí atá ann? Gur Eile = Goraille.

    ReplyDelete
  3. Sin é. Péire acu ann. Gur, agus Gur eile.

    ReplyDelete