Thug mé srachfhéachaint le déanaí ar na logainmneacha i mBaile Átha Cliath atá curtha ar
logainm.ie le fáil amach an raibh tréithe canúna le brath iontu.
(Tá comhartha ceiste leis na cinn thíos nach bhfuil leagan oifigiúil Ghaeilge acu go fóill).
D'fhéach mé ar léarscáil de chuid na Suirbhéireachta Ordanáis cúpla bliain ó shin agus chonaic mé go raibh samplaí ann a thug le fios go raibh na tréithe seo a leanas sa chontae.
Dubh=Doo
Cnoc=Croc
Thug mé an méid céanna faoi dheara i gCill Mhantáin freisin, mar aon le mh='V'.
Tá ceithre logainm i mBaile Átha Cliath a léiríonn go ndúirt daoine i mBaile Átha Cliath 'Croc' seachas 'Cnoc' tráth;
Crooksling=Cnoc Sline (le feiceáil sa ghrianghraf thuas).
Crockshane=Cnoc Sheáin
Crockaunadreenagh=Cnocán na nDraighneach
Crocknabrookey=Cnoc na Brocaí
Mar aon le sin bhí dhá fhocal Gaeilge i gcaint na ndaoine sa chontae sa 20ú hAois; Cnag ('a light blow with the knuckles') agus Cniog ('to beat'), ach is 'Cregg' agus 'Crig' a dúradh.
Tá ceithre cinn a thugann le fios gur 'doo' seachas 'duv' a dúradh freisin.
Glendoo=Gleann Dubh
Skidoo=Sceach Dhubh
Trumondoo=Triomán Dubh
Lugdoo=Log Dubh? (Black Hollow i mBéarla).
Bhí 'drimmindhoo' ag daoine i mBaile Áth Cliath ar 'Droim Fhionn Dubh' ach is ainm amhráin atá anseo mar sin ní fios an fhuaimniú dhúchais atá sa sampla seo de 'dubh=doo'.
Ó thaobh 'mh' de bhí A Mhic (Avick), A Mhuirnín (Avourneen) agus dhá leagan de Lán a'mhála , 'Lawnawalla' agus 'Laun a valla,' i gcaint na ndaoine. Is ó Sheanchill a tháinig an dara leagan.
Tá áit darbh ainm Glaise an Mhulláin i mBaile Átha Cliath ach is Glassavullaun an leagan Béarlaithe atá air. Mar aon le sin tá áit darbh ainm Askavore. D'fhéadfaí sé gur 'easca' atá i gceist le 'Aska' – an t-aon fhadhb le sin ná gur focal firinscineach atá ann dá bhrí sin is Easca Mór seachas Easca Mhór a bheadh air i nGaeilge – é sin nó bhí 'easca' baininscineach sa cheantar, mar atá 'contae' i nDún na nGall mar shampla.
B'fhéidir gur Eiscir Mhór atá ann ach go dtí go dtagann Coimisiún na Logainmneacha ar leagan oifigiúil ní bheidh ann ach buaile faoi thuairim.
Tá cúpla logainm eile atá spéisiúil ó thaobh foghraíochta de. An Béarla ar Abhainn an Dothra ná Owendoher, b'fhéidir go gciallaíonn sé sin gur 'owen' an bealach a dúirt muintir an chontae 'Abhainn' fadó.
Tá 'Coill' aistrithe ar bhealaí éagsúla i mBaile Átha Cliath, idir Kyle, Kil agus Colie agus tá Kelly agus Cullia do 'Coille' le fáil freisin.
Kylemore=An Choill Mhór
Kylenabrone=Coill na mBrón?
Kilmore=An Choill Mhór
Coliemore=An Choill Mhór
Ballynakelly=Baile na Coille
Barnacullia=Barr na Coille
Tá go leor de na tréithe logainmneacha céanna le fáil ó dheas i gCill Mhantáin freisin.
Crocknalugh=Cnoc na Log?
Crockanoo=Cnoc...?
Crockan Pond=Cnocán?
Bendoo=Beann Dubh?
Pollaghdoo=Pollach Dubh?
Carrigdoo=Carraig Dhubh?
Cordoo=Corr Dubh?
Knockdoo=Cnoc Dubh?
Baravore=Barra Mhór
Glenavadda=Gleann a'Mhada?
Carrigvore=Carraig Mhór?
Inchavore River=Inse Mhór?
Tá áiteanna darbh ainm 'Crockaun' (Cnocán) aimsithe agam i gCill Dara agus Longfort chomh maith a léiríonn go raibh an fuaimniú céanna sa dá chontae.
De réir eolais ón
nasc seo, an Ghaeilge ar Dairy Hill i bparóiste Achadh Bhó i gContae Laoise ná "Doire a'Chrocain".
Cuireann na logainmneacha atá luaite agam leis an teoiric gur Gaeilge Chonnacht nó Uladh a bhíodh á labhairt i mBaile Átha Cliath. Chuirfinn m'airgead fhéin ar Ghaeilge Chonnacht.
http://twitter.com/colmobroin
Cuimhnigh freisin gur díbríodh daoine go hIfreann nó Connachta ag Cromail agus a chuid airm. Meas tú ag an raibh tionchar ag Laighnigh ar Connachta dá bharr?
ReplyDeleteAch ní mór cuir san áireamh freisin go raibh cumasc daoine riamh anall i nDubhlinn.
B'fhéidir go raibh, tá sé deacair le rá, níl fhios agam an bhfuil taifead de 'croc' le fáil san iarthar roimh am Chromail.
ReplyDeleteIs fíor sin faoi dhaoine ag teacht go BÁC ach shílfeá gur chuig an chathair a dtiocfadh siad. Tá trí chinn de na logainmneacha le 'Croc' in iardheisceart an chontae agus an ceann eile san oirdheisceart.
Ar léigh tú an caibidil “Na Canúintí a Theacht chun Solais” in Stair na Gaeilge?
ReplyDeleteTá an ceart agat Conor, ach tá Knock le fáil ar fud na tíre, i gConnacht agus in Uladh, cé gur 'croc' a deirtear/dúradh sna ceantracha sin.
ReplyDeleteDennis, léigh mé é sin, tá sé an-spéisiúl, de réir Nicholas Williams bhí Gaeilge na Mumhan i gCill Chainnigh, Gaeilge Uladh i Lú agus tuaisceart Átha Cliath, na Mí, na hIarmhí agus Longfoirt, agus bhí Gaeilge Chonnacht sa chuid eile den chúige.
Dála an scéil an mbeifeá in ann an dán sin a aistriú - táim sásta gnáth rátaí an aistritheora a íoc más gá!
Cuir cóip de chugam, a Choilm, agus bainfidh mé triail as. Go Béarla, an ea? Nó go Gaeilge an lae inniu? Aistriúchán próis a bheadh ann, gan iarracht a thabhairt ar mheadaracht an bhuntéacs a choinneáil.
ReplyDeletedeirtear "Croc" in Albain freisin. Ceapaim go bhfuil "isogloss" ag rith ó Ghaillimh go hÁth Cliath -- Leath Cuinn agus Leath Mogha.
ReplyDeleteSílim go bhfuil an ceart agat ansin Paul a bheag nó a mhór, tá cúpla sampla de cnoc le fáil i gCill Mhantáin freisin.
ReplyDeleteMo leithscéal, cúpla sampla de 'croc'
ReplyDelete