Tháinig mé ar na logainmneacha suimiúla seo i Sraith Eolais na Suirbhéireachta Ordanáís do Chill Mhantáin le déanaí. Níl leagan Gaeilge oifigiúil ar fáil do roinnt dóibh ach sin ráite tá go leor suntas ag baint leo ó thaobh na foghraíochta de.
Tá buile faoi thuairim tugtha agam le roinnt acu ach tá na tréithe seo a leanas le brath iontu;
Dubh=Doo seachas Duv
Cnoc=Cruc seachas Cnoc
Mh='V' seachas 'W'
Logainmneacha
Bendoo=Beann Dubh?
Pollaghdoo=Pollach Dubh?
Carrigdoo=Carraig Dhubh?
Cordoo=Corr Dubh?
Crocknalugh=Cnoc na Log?
Crockanoo=Cnoc...?
Crockan Pond=Cnocán?
Glenavadda=Gleann a'Mhada?
Carrigvore=Carraig Mhór?
Inchavore River=Inse Mhór?
Seans go bhfuil an fhuaim chéana le fáil sna logainmneacha seo ach gan an leagan Gaeilge ní fios;
Glasavullaun
Loughnavreen
Mullinaveige
Toberaviller
Spéisiúil go leor ach tá dhá leagan Gaeilge de 'dog' sa chontae, Mada (Glenavadda/Gleann a'Mhada) agus Madra (Coolamaddra/Cúl a'Mhadra).
Ó thuaidh i mBaile Átha Cliath tá samplaí de dubh=doo agus cnoc=croc;
Glendoo=Gleann Dubh
Skidoo=Sceach Dubh
Crooksling=Cnoc Sline
Crockshane=Cnoc Sheáin
Crockaundreenagh=Cnocán Draigheanach
Mar aon le sin bhí dhá fhocal Gaeilge i gcaint na ndaoine sa chontae sa 20ú hAois; Cnag (A light blow with the knuckles) agus Cniog (To beat), ach is 'Cregg' agus 'Crig' a dúradh.
Bhí 'drimmindhoo' ag daoine i mBaile Áth Cliath ar 'Droim Fhionn Dubh' ach is ainm amhráin atá anseo mar sin ní fios an fhuaimniú dhúchais atá sa sampla seo de 'dubh=doo'
Ó thaobh 'mh' de tá A Mhic (Avick), A Mhuirnín (Avourneen) agus dhá leagan de 'Lán a mhála' sa chontae, 'Lawnawalla' agus 'Laun a valla.' Is ó Sheanchill a tháinig an dara leagan.