Wednesday 8 August 2012

Caint bheo Bhaile Átha Cliath ón 16ú Céad




Foilsíodh leabhar dar teideal The Fyrst Boke of the Introduction of Knowledge le Andrew Borde in 1547. Bhí eolas ann faoi roinnt theangacha, an Ghaeilge ina measc. Tá giotaí cainte ón leabhar le fáil in Leabhrann Laighinigh le Daithí Ó hÓgáin, nach maireann.


Dar leis an mbéaloideasóir iomráiteach ba rídhealraitheach gur i mBaile Átha Cliath a bailíodh é. Tá idir uimhreacha agus abairtí ann agus mheas Ó hÓgáin gur bailíodh iad ó níos mó ná cainteoir amháin. Tá roinnt eolais faoi chanúint na ngiotaí níos faide síos.


Tá leaganacha Borde faoi leaganacha Uí Ógáin.


An ólthá deoch, sir. Dé ‘bheatha ‘un an bhaile
(Anoha dewh, sor? De wan wely)


Canas ‘tá tú?’ ‘Tá mé go maith, go raibh maith agat
(Kanys stato? Tam a goomah gramahagood).


Sir, bhfuil Gaeilig agat? Tá suim agam dhi.
(Sor, woll galow oket? [Syr, can you speak Iryshe?] Tasyn agomee).


A chailín, tar anseo – tabhair deoch!
(Kalyn, tarin chow, toor dewh!)


A bhean an tí, ‘bhfuil bia maith agat? Tá go leor.
(Benitee, wyl beemah hagoot? Sor, tha gwyler).


A bhean an tí, tabhair arán! A fhear an tí, tabhair fíon!
(Benytee, toor haran! Farate, toor fyen!)


A chailín, tabhair cáis! A bhean an tí tabhair feoil!
(Kalyn, toor case! Benyte, toor foeule!).


Tabhair iasc! Déanfa’ go subhach!
(Toor yeske! Teena go sowgh!)


Gá ‘fhad as seo go Port Láirge? Míle a haon ar fhichid.
(Gath haad o showh go part laarg? Myle hewryht)


Gá mhéid buille a’ chlog? Sé bhuille a’ chlog.
(Gaued bowleh glog? She wyllya glog)


Gá fhad go racha muid ‘un ar suipéir?
(Gahad rah moyd aner soper?)


Tabhair cuntas dúinn, a bhean an tí. Íocfa’ tú trí pingine.
(Toor countes doyen, benitee. Yeke ke to tre pyniny)


Gathain a racha’ muid a chodladh? Anois féin.
(Gah hon rah moyd holowh? Nish feene)


Oíche mhaith sir! Sor duit sor duit [soraidh duit]!
(Ih may, sor! Sor doyt, sor doyt!)



1 - hewen
2 - dow
3 - tree
4 - kaar
5 - quiek
6 - seh
7 - showght
8 - howght
9 - nygh
10 - deh

11 - hewnek
12 - dowek
13 - tredeek
14 - kaardeek
15 - quiekdeek
16 - sehdeek
17 - showdeek
18 - howghtdeek
19 - nythdeek
20 - feh


21 - ‘haon fichead (hewn feet)
22 - dó fichead (dowfeet)
23 - trí fichead (trefeet)
30 - deich fichead (dehfeet)
40 - daichead (‘eayet)
50 - deich agus daichead (dewhegesdayth)
60 - trí fichid (trefeet)
100 - keede

Dar le Daithí Ó hÓgáin tá foghraíocht thuaisceartach le brath sna focail seo – aon, dó, fiche, daichead, deoch, baile, seo, oíche mhaith, soraidh duit.


Tá foghraíocht thuaisceartach nó lár tíre ag na focail seo  - ceathair, íocfá tú,  racha muid, ár.


Tá samplaí a réitíonn le deisceart Laighin nó oirthear Mumhan freisin – naoi, deoch, déag, céad.


‘Buille a chlog’ a dúradh sa cheantar céanna chomh maith.


Rud spéisiúil eile ná go bhfuil dhá leagan den fhocal ‘agat’ – ‘oket’ (lár-tíre) agus ‘agoot’ (Mumhan).


Tá abairt amháin a mhéascan dhá chanúint – ‘Dé ‘bheatha ‘un an bhaile’. Tá cuma deisceartach ar an tús ach cuma tuaisceartach ar an gcuid eile.


Is cosúil, mar sin, gur meascán mearaí a bhí sa Ghaeilge a labhraíodh i mBaile Átha Cliath san 16ú Céad – Plus ça change!