Friday 19 December 2008

Tráth dá raibh bhí drogall ormsa Lá a cheannach

Bhuel, a chairde, tá an ‘Lá’ tagtha, an lá deireanach a mbeidh an t-aon nuachtán laethúil Gaeilge agus Ceilteach san Réaltra i gcló.
Lá brónach é seo, cinnte, ní féidir é sin a shéanadh nó ligean orainn nach buile don Ghaeilge atá ann.
Tá neart fáthanna gur theip ar Lá, ach níor cheart dúinn ligean don díomá agus don fhearg muid a chur ar seachrán maidir leis an bpríomhchúis, sé sin, nár cheannaigh go leor daoine é.
Bhí cúpla locht ag daoine ar Lá, an ceann is mó ná go raibh sé róbheag.
Nuair a bhíonn daoine in Éirinn ag smaoineamh ar cad is nuachtán ann, ní foilseachán 12 nó 16 leathanach a bhíonn ar intinn acu.
Más ag lorg eolas cuimsitheach faoin saol atá, ní bhfaighfidh i Lá é.
Níor thuig daoine nárbh fhéidir nuachtán mór a tháirgeadh ar bheagán acmhainní ach i ndeireadh na dála, is cuma sa tsioc ar thuig nó nár thuig, ní féidir argóint a dhéanamh leis an margadh, ní féidir leis an margadh a bheith ‘mícheart’.
Ní féidir impí ar dhaoine nuachtán 12 leathanach a cheannach le geallúint go bhfeabhsóidh sé amach anseo, am éigin.
Dá mbeadh margadh ann do nuachtán laethúil Gaeilge, is do nuachtán cuimsitheach 32-leathanach ar laghad a bheadh sé.
Sula mbreathnaím ar chúrsaí deontais, ba mhaith liom cúpla figiúr a chur os bhur gcomhar.
Díoltar 650,000 nuachtán Béarla sa Phoblacht, gach lá, sin thart ar nuachtán amháin in aghaidh gach seisear cainteoirí Béarla líofa.
Deir 1,600,000 duine go bhfuil Gaeilge acu agus measaim go bhfuil thart ar 200,000 acu líofa.
Ní raibh Lá Nua ach ag díol 1,500 cóip in aghaidh an lae, sin cóip amháin i gcomhair gach 133 cainteoir Gaeilge líofa.
Mar aon leis sin, as an 8,800 duine a shínigh achainí idirlín ar son an nuachtáin i mbliana, is ó Thír na mBascach a tháinig thart ar 7,500 acu. Mar sin, is cosúil go bhfuil lucht na Bascaise níos buartha faoi bhás nuachtán laethúil na Gaeilge ná pobal na Gaeilge, na daoine a bhí an nuachtán in ainm is a bheith ag déanamh freastail orthu.
Is léir uaidh sin nach raibh suim ag formhór na gcainteoirí Gaeilge in Éirinn sa nuachtán, agus go bhfuil líon na ndaoine atá sásta nuachtán a cheannach ‘ar son na cúise,’ daoine a bhfuil suim acu i nuacht faoin nGaeilge seachas i nuacht trí Ghaeilge, go bhfuil an líon sin fíorbheag ar fad.
Bhí daoine ann a mhol an nuachtán go hard agus a bhí dílis don nuachtán, agus táim féin an-bhuíoch díobh, ach ní raibh go leor acu ann, i ndeireadh na dála.
Figiúr eile ba cheart a chur san áireamh ná nár líonadh ach 8,000 foirm le haghaidh Dhaonáireamh 2006 amach i nGaeilge.
Léiríonn sé sin go bhfuil lúb ar lár, áit éigin, go bhfuil bearna idir an méid daoine atá in ann an teanga a léamh agus an méid a léann an teanga.
Bhí cúiseanna eile ag baint leis na figiúirí ísle díolacháin.
I gcomparáid le páipéir i mionteangacha eile san Eoraip, roinnt acu atá chomh beag le Lá, ní rabhthas in ann cóipeanna a sheachadadh chuig tithe síntiúsóirí ar bhonn laethúil.
Mar shampla, is iad na nuachtáin Shualainnise san Fhionlainn na nuachtáin mhionteangacha is rathúla san Eoraip agus is trí shíntiús a dhíolann siad 99% dá n-eagráin.
Nuair is cúrsaí teanga atá faoi chaibidil, ní féidir neamhaird a thabhairt ar an tsíceolaíocht chomh maith, rud a bhaineann le teideal an ailt seo.
Níos lú ná sé mhí sular thosaigh mé ag obair le Lá, tharla sé cúpla uair go raibh drogall nó faitíos fiú, ormsa, an nuachtán a cheannach.
Sular thosaigh mé ag déanamh cúrsa cumarsáide Gaeilge in OÉG i mí Mheán an Fhómhair 2005, ní raibh mórán cur amach agam ar an nuachtán.
Cainteoir Gaeilge a bhí ionam, bhí spéis agam sa teanga agus thaitin sé liom í a labhairt le pé duine a bhí sásta í a labhairt liom.
Ag an am, ní raibh mé sásta, áfach, stró a chur orm féin ar son na teanga, nó rud a dhéanamh díreach ar son na cúise.
Nuair a thosaigh mé ag ceannach Lá, is ar mhaithe leis an teanga a bhí sé, ní chun faisnéis faoi chúrsaí móra an tsaoil a fháil - is ón Irish Times a fuair mé é sin.
Baineann an drogall a bhí orm in amanna leis an drogall nó eagla atá ar dhaoine in Éirinn roimh an nGaeilge.
Agus mé i siopaí, ba léir nach raibh mé ag ceannach Lá ar mhaithe le gnáthnuacht, agus mhothaigh mé in amanna go raibh comhartha mór ar mo cheann a dúirt ‘Is Gaeilgeoir mé.’
In Éirinn, is ionann a bheith i do chainteoir Gaeilge uaireanta agus duine a bheith ag tiomáint suas bóthar aontreo an bealach mícheart.
Tá an eagla sin a bhí orm ó thaobh na Gaeilge de imithe anois, ach tá an lámh in uachtar aige go fóill ar fhormhór na ndaoine in Éirinn, agus níl dabht ar bith agam ach go raibh roinnt den drogall céanna ar dhaoine maidir le Lá a cheannach.
Deirtear go mbíonn lagmhisneach ar lucht na Gaeilge, ach is mún dreoilín san fharraige an lagmhisneach sin i gcomparáid leis an lagmhisneach atá ar an chuid eile den phobal faoinár dteanga dhúchais. Sin an fáth gur dhiúltaigh siad dó sa chéad áit agus an fáth go ndiúltaíonn go fóill.
Dá mbeadh lagmhisneach ar lucht na Gaeilge, ní bheimis ann in aon chor óir bheadh droim láimhe iomlán tugtha againn don teanga.
An cáineadh is minice - seachas téagar an nuachtáin - ná go raibh an iomarca scéalta faoin nGaeilge ann.
Bhí sé seo fíor, ach bhí cúis leis, as siocair nach raibh éinne eile sa tír sásta nó ábalta scéalta faoin teanga a fhoilsiú.
Níl an spás ag Foinse na scéalta ar fad a bhaineann leis an teanga a chlúdach agus ní bhíonn na nuachtáin Bhéarla sásta iad a fhoilsiú. Breathnaigh, mar shampla, ar an iarracht choinsiasach atá ar bun acu neamhaird a thabhairt ar na hionsaithe ciníocha atá á ndéanamh ag an DUP, UUP agus an TUV ar an nGaeilge faoi láthair.
Maidir leis an deontas a fuair an nuachtán, dúirt Foras na Gaeilge go raibh deireadh á chur acu leis de bharr nach raibh margadh ann don nuachtán.
Ní hé sin iomlán na fírinne, áfach.
Más ag brath ar an margadh amháin a bhí na meáin in Éirinn, ní bheadh Foinse, Raidió na Gaeltachta agus TG4 ann óir tá siad uilig beo ar dheontais (mar atá Lyric FM agus RTÉ é féin).
An difríocht idir na seirbhísí sin agus Lá ná go bhfuil siad nach mór inchurtha le táirgí a chuireann na meáin Bhéarla ar fáil. Tá cuma nuachtáin ar Foinse agus bhí ar leagan seachtainiúl Lá, ach ní raibh ar an leagan laethúil.
An fhadhb leis an gcinneadh atá déanta ag an bhForas ná go bhfuil sé ráite go soiléir anois nach seirbhís phoiblí atá i dteideal deontais é nuachtán laethúil Gaeilge (agus níor chuir pobal na Gaeilge an cás seo chun cinn go láidir, i ndáiríre), rud a chiallaíonn go bhfuil gach seans ann nach mbeidh nuachtán dá leithéid ann go ceann gúine nó níos mó.
Ní bheidh éinne sásta nuachtán clóite a chur ar fáil sa ghearrthréimhse, go háirithe leis na hathruithe atá ag teacht ar an earnáil nuachtáin le fás an idirlín.
I ndeireadh na dála, má tá deontas le fáil ag nuachtán laethúil Gaeilge, caithfidh tóir réasúnta bheith ag an bpobal air, agus níl ar Lá i láthair na huaire.
Dá mbeadh cainteoirí Gaeilge ag ceannach nuachtán laethúil ina dteanga mar a cheannaíonn cainteoirí Béarla, bheadh 33,000 cóip á gceannach in aghaidh an lae.
Ábhar machnaimh atá ansin dóibh siúd a bhfuil spéis acu in earnáil nuachta na Gaeilge.
Mar fhocal scoir, caithfidh mé a rá gur bhain mé an-sult go deo as a bheith ag obair le Lá agus le Lá Nua, gur pribhléid a bhí ann dom agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na daoine a chuir a gcroí isteach sa togra uaillmhianach, aislingeach seo agus leis na léitheoirí ar fad.
Tá díomá orainn inniu, ach murab ionann is ár dteanga, ní mhairfidh an díomá.
Beidh lá eile ann.

Tuesday 2 December 2008

There is no 'Dublin Government'

Call it what you like, the Irish Government, the National Government, the Government of the Republic, the Free State Governent, the 26 County Government, but the government that resides in Dublin is not the Dublin Government, in fact, there is no ‘Dublin Government.’
The representatives in Leinster House are elected by the people of the entire Irish Republic, not by the people of Dublin, and as well as that, a large number of the TDs elected in Dublin aren't even from the capital originally.
From what I see people from outside the city only use the term ‘Dublin Government’ when they don't like a decision made by the national government, which they elect themselves.
They disagree with a decision the government makes and because that government is located in Dublin, they blame the people of Dublin, or the city itself.
The use of ‘Dublin’ in this case is meant as a term of abuse, playing to the chip on the shoulder that some people in Ireland have about the capital, the same chip people in every country in the world have about their capitals or largest cities. This is all the more ironic given that our ruling Fianna Fáil party gets more support outside Dublin than in it.
Republicans may not like to use the term ‘Irish Government’ in case it is seen to legitimize partition in some way, but whatever about the issues people have with the term, the 'Irish Government' it is still far more accurate than the ‘Dublin Government.’
I've heard people from outside the city complaining along the lines that ‘Dublin doesn't care about us.’
You would almost think that there was some sort of a conspiracy involving the one million people living in Dublin to cod the rest of the country.
I don't hear people saying that Donegal, Galway, Cork, Tipperary or any other county in Ireland 'cares' about Dublin or anywhere else, or how exactly an entire county can care about another one.
Not only is it inaccurate to compain about the 'Dublin Government', it's childish and it does people outside of Dublin more harm than good by focusing their anger on the wrong culprit for any lack of fair play from the national government, real or imagined.
If there are problems in Ireland they are not the fault of the 'Dublin Goverment,' because no such a thing exists.